Áilleacht Iorrais

Taispeántas le Caroline Daly
Rugadh Caroline i Londain, ach is as Iorras dá muintir. Tá sí ag tabhairt cuairte ar an gceantar go rialta ó bhí sí ina páiste óg, agus tá sí i ngrá le háilleacht nádúrtha eisceachtúil an cheantair le fada an lá.
Tar éis di a bheith ag obair i réimse na teicneolaíochta faisnéise idirnáisiúnta agus sa mhúinteoireacht, tá sí anois leathscortha agus ag déanamh staidéir ar an bpéintéireacht. Oibríonn sí den chuid is mó le huiscedhathanna, pastail agus péinteanna aicrileacha, agus í ag triail stíleanna agus ábhar éagsúil.
Ba iad na dathanna agus na huigeachtaí iomadúla atá le fáil ar thránna áitiúla Iorrais a spreag an tsraith pictiúr de chlocha atá ar taispeáint anseo.
Tá Caroline pósta le Robert agus cónaíonn sí lena teaghlach i Vín den chuid is mó, ach caitheann sí na samhraí i Maigh Eo.

You Might Also Like

Leanaí agus Teaghlach, Taispeántas
